
Tá Tionól Gaeilge UCD ag teacht ar ais! Tá an-rath tar éis a bheith ar Thionól Gaeilge UCD ó cuireadh tús leis agus beidh sé á reáchtáil arís i mbliana, ag deireadh mhí an Mheithimh, ag Gaeltacht UCD san Ollscoil sin.
Beidh an scoil samhraidh seo, atá á heagrú arís i gcomhar le Gaelchultúr, ar siúl ó mhaidin Dé Luain, 29 Meitheamh, go dtí am lóin Dé hAoine, 3 Iúil, ar champas Belfield agus beidh ranganna teanga, léachtaí agus imeachtaí sóisialta ar siúl lena linn.
Is é an téama atá i gceist i mbliana ná ‘An Ghaeilge i gComhthéacs Domhanda’ agus i measc na n-aoi-chainteoirí a bheidh i láthair beidh an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Saint Louis agus James Kelly ó Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF). Déanfar plé i léachtaí an Tionóil ar chúrsaí féiniúlachta agus ar an nGaeilge i dtíortha éagsúla.
‘Táimid ar bís le fáilte a chur roimh phobal domhanda na Gaeilge chuig an Tionól,’ a deir Stiúrthóir an ionaid, Clár Ní Bhuachalla ‘Buaicphointe na bliana dúinn is ea an Tionól– le seanchairde ag filleadh ó gach cearn den tír agus aithne á chur againn ar fhoghlaimeoirí nua ó áiteanna níos faoide i gcéin. Táim ag tnúth go mór le léachtaí na bliana seo, mar go bhfuil aoieanna fíor spéisiúil le teacht.’

‘Bhí 80 duine linn anuraidh agus beidh cuid acu ar ais arís in 2020 den dara nó tríú bliain as a chéile! Bíonn deis ag na rannpháirtithe bualadh le foghlaimeoirí eile, idir óg agus aosta, ó gach cearn den domhan agus ó chineálacha éagsúla cúlra. Táimid ar bís faoi sceideal na bliana seo: ceapaim go dtaitneoidh na léachtaí agus na himeachtaí atá beartaithe againn go mór leosan a bheidh i láthair.’
Tá Tionól Gaeilge UCD dírithe ar dhaoine fásta in Éirinn agus thar lear ar spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach. Beidh sé an-oiriúnach do mhic léinn atá ag plé leis an nGaeilge nó leis an Léann Éireannach, sa tír seo agus i dtíortha eile.
Le linn an Tionóil, beidh ranganna teanga ar siúl gach lá, Luan go hAoine, ó 9.30am go 1.00pm. Déanfar na ranganna seo a thairiscint ag cúig leibhéal le cinntiú go ndéanfar freastal ar dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu, mar aon leosan nach bhfuil ach beagán den teanga acu.
Tar éis lóin, Luan go Déardaoin, a bheidh léachtaí an Tionóil ar siúl. Beidh deis ag na rannpháirtithe freastal ar leagan Gaeilge nó ar leagan Béarla de gach léacht; tabharfaidh an léachtóir an chaint i dteanga amháin ar dtús, ansin, tar éis sosa, sa teanga eile. Beidh imeachtaí cultúrtha ar siúl gach tráthnóna chomh maith.
Seo iad na roghanna a bheidh ann ó thaobh lóistín de:
Rogha 1 – Imeachtaí uile an Tionóil, gan lóistín: €265 (€215 do mhic léinn)
Rogha 2 – Imeachtaí uile an Tionóil, mar aon le lóistín leaba agus bricfeasta (cúig oíche): €620 (€470 do mhic léinn).
Tá eolas i dtaobh na scoile le fáil i mbróisiúr an Tionóil – chun teacht air, cliceáil anseo.
Tionscnamh eile de chuid Gaeltacht UCD ná Teach na Gaeilge thíos:
[Béarla Thíos] English Version
Tionól Gaeilge UCD is back! Since its inception, this unique gathering has been very successful and will be hosted once again by Gaeltacht UCD in 2020.
This assembly is aimed at adults in Ireland and abroad who are interested in the Irish language and in Irish culture. It will also suit students who are studying Irish as a subject or undertaking an Irish Studies degree.
Beginning Monday, June 29th to Friday, July 3rd, lectures, classes and social events will take place on the campus in UCD Belfield. This year’s theme is ‘Irish in a Global Context’ and guest speakers include Professor Kevin Scannell from Saint Louis University and James Kelly from the Ireland Canada University Foundation (ICUF).
‘We’re delighted to welcome our global citizens to the Assembly’, director of the centre Clár Ní Bhuachalla said. ‘The Tionól is a real highlight to our year with old friends coming from every corner of the globe and indeed meeting with new learners from further afield.’
Language classes will be held each day, Monday to Friday, from 9.30am until 1.00pm. These classes will be offered at five levels and the emphasis will be on developing the participants’ spoken language skills.
Lectures will take place in the afternoon, Monday to Thursday, in which the focus will be on various aspects of the Irish language and culture – folklore, for example, place names, literature and the singing tradition. School participants can choose to attend an Irish language version or an English language version of each lecture; the speaker will deliver the talk in one language and then, after a short break, he/she will give the same talk in the other language. Cultural events will be held each evening as well.
Option 1 – All Tionól activities, without accommodation: €265 (€215 student rate)
Option 2 – All Tionól activities, and bed and breakfast accommodation (five nights): €620 (€570 student rate). Accommodation will be provided on the UCD campus, from Sunday to Friday
Further information is also available from their website here.