Sraith nua de Cúla4 ar Scoil ag teacht go luath

0 Comments

D’éirigh go hiontach leis an sraith Cúla4 ar Scoil I 2020 agus mar sin thá TG4 chun sraith nó a chraoladh ón Luan 18 Eanáir 2021 de bharr cinneadh an Rialtais go bhfanfaidh gach bunscoil dúnta go dtí deireadh Mí Eanáir fé shrianta Covid-19.

Craolfar an tsraith ón Luan go Déardaoin ag 10am agus beidh athchraoladh den chlár gach lá ag 4pm.

Cuireadh tús le Cúla4 ar Scoil le linn an chéad tréimhse dianghlasála i mí Aibreáin seo caite chun tacú le túismitheoirí agus múinteoirí a bhí ag foghlaim ón mbaile fad is a bhí scoileanna dúnta de bharr bearta sláinte poiblí. 

Thá Cúla4 ar Scoil dírithe ar dhaltaí bunscoile a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna agus ar scoileanna Gaeltachta.

Cuirfidh Orla Ní Fhinneadha an tsraith i láthair le tacaíocht ó na múinteoirí Micheál Ó Dubhghaill, Cian Ó Griallais, Caitríona Nic an tSaoir agus Síle Ní Choncheanainn. Beidh rannpháirtíocht sna cláracha ó Ghaeltachtaí éagsúla. 

Déanfar an clár a thaifeadadh i Scoil na bhForbacha i nGaeltacht Chonamara.

Beidh téama coicíse sa tsraith agus beidh ceachtanna agus formáid bhríomhar spreagúil sa chur chuige, a bheidh ag teacht le spriocanna agus torthaí foghlamtha an churaclaim bunscoile. 

Clúdófar croí-ábhair an churaclaim ar nós: Gaeilge, Matamatic, Stair agus Tíreolaíocht, ach cuirfear béim freisin ar an gcruthaitheacht, an eolaiocht, na healaíona béil agus ar chúrsaí sláinte agus folláine.

Beidh deis ag leanaí páirt a ghlacadh sa chlár ón mbaile agus iarrfar orthu pictiúir nó físeáin dá gcuid oibre a sheoladh isteach chuig an gclár.

Beidh ceachtanna agus míreanna ón gclár ar fáil ar youtube Cúla4 agus na cláracha ar fáil ar shuíomh Cul4.com agus ar TG4.ie 

Fuair TG4 maoiniú breise €1.9 milliún in 2020 do chostais a bhaineann le COVID-19 agus thá maoiniú breise €3.5 milliún a fháil do TG4 i mBuiséad 2021.
Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir do Dhaoine Óga i TG4: 

“Tá TG4 sásta go bhfuilimid in ann tacaíocht oideachasúil a chur ar fáil do dhaltaí agus a dtuismitheoirí arís i mbliana nuair atá siad ag foghlaim sa bhaile mar gheall ar scoileanna a bheith dúnta.  Is cabhair mhór an clár do pháistí atá ag freastal ar bhunscoileanna lán-Gaeilge agus ar scoileanna Gaeltachta.  Táimid buíoch as an treoir leanúnach ó na heagrais oideachais a thugann treoir dúinn an tsraith a léiriú agus táimid buíoch as tuairimí Tuismitheoirí na Gaeltachta agus as díograis an fhoireann léirithe i Meangadh Fíbín.”

Note: I try and add dialectal changes (mostly Gaelainn Chorca Dhuibhne) to the Irish I use in writing so that is why you may see different spellings of words and phrases. If you have any questions, please drop me a message below.

Categories:
I'm a freelance content creator, author, and journalist who has a strong desire to share interesting content about Irish people and things about Ireland at home and abroad. I am constantly curious.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *