
Tá áthas ar TG4 a fhógairt go mbeidh tús á chur le clár nua Cúla4 ar Scoil ar an Luan, an 20 Aibreán, a chraolfar gach maidin ag a 10am.
TG4’s new series Cúla4 ar Scoil will be beginning on April 20th and will be broadcast every morning at 10am. It’s a 30-minute show that will focus on all aspects of the school curriculum but also on wellness and health.
Tá gach scoil dúnta faoi láthair de bharr na srianta a bhaineann le Covid-19. Beidh an clár seo dírithe ar dhaltaí bunscoile Gaeltachta agus Gaelscoile sa chás go gcuirtear síneadh le bearta sláinte an phobail agus go mbeidh na scoileanna dúnta ar feadh tréimhse bhreise.
Is clár leathuaire é seo a bheidh á chraoladh ó 10.00 a.m. go 10.30 a.m ó Scoil na bhForbacha i nGaeltacht Chonamara. Is iad Caitríona Ní Chualáin agus Fiachra Ó Dubhghaill na múinteoirí a bheidh i mbun na ranganna, agus beidh ceachtanna breise ó mhúinteoirí agus áisitheoirí eile ar fud na tíre, le réimse canúintí.
Cuirfidh an clár béim ar théama ar leith gach seachtain agus beidh ceachtanna agus formáid bhríomhar spreagúil sa chur chuige, a bheidh ag teacht le spriocanna agus torthaí foghlamtha an churaclaim na bunscoile. Clúdófar croí-ábhair an churaclaim ar nós: Gaeilge, Matamatic, Stair agus Tíreolaíocht, ach cuirfear béim freisin ar an gcruthaitheacht, na healaíona béil agus ar chúrsaí sláinte agus folláine.
D’fháiltigh Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas go mór roimh an tionscadail seo: ‘Cruthóidh an clár seo suíomh taitneamnach foghlama sa bhaile trí mheán na Gaeilge do pháistí atá i dtaithí ar bheith tumtha sa teanga. Cabhróidh sé go mór leo eispéaras dearfach a bheith acu agus iad ag foghlaim agus cruthófar deiseanna iontacha freisin do mhúinteoirí leas a bhaint as ábhar an chláir agus iad ag cur pleananna le chéile don obair sa bhaile do na páistí faoina gcúram.’
Cuirfear fáilte roimh rannpháirtíocht na bpáistí sa bhaile le linn an chláir Cúla4 ar Scoil; agus is féidir pictiúir nó físeáin a sheoladh isteach chuig an gclár. Beidh an t-ábhar ar fáil freisin ar líne ar cula4.com agus ar youtube Cúla4.
Beidh sceideal breise á chraoladh ag TG4 roimh agus i ndiaidh Cúla4 ar Scoil ó 9:30 a.m. go 11 a.m. gach lá, mar a mbeidh cláir eile a bhfuil téamaí oideachasúla ag baint leo, macasamhail ‘Bia Linn’, ‘Ár Scéal’, ‘Am Foghlama le Timmy’,‘Is Eolaí Mé’ agus ‘WAC’.
Is é an comhlacht léirithe ‘Fíbín’ a bheidh i mbun an léirithe; comhlacht a bhfuil aitheantas agus gradaim bainte amach aige do shraitheanna cosúil le Is Eolaí Mé, Is Mise agus Saol faoi Shráid do dhaoine óga. Is é Darach Ó Tuairisc léiritheoir na sraithe agus Ethel Burke, múinteoir bunscoile a bhfuil taithí stáitse, teilifíse agus aisteoireachta aici a bheidh i mbun an léirithe; agus beidh criú Telegael i mbun an taifeadta.
Tá an clár seo á chur á léiriú le maoiniú ó TG4 agus le comhairle faoin ábhar oideachais agus curaclaim ón Roinn Oideachais agus Scileanna, Coláiste Mhuire gan Smál, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), An tSeirbhís Um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) agus Gaeloideachas. Tá saintaithí agus comhairle Thuismitheoirí na Gaeltachta curtha san áireamh sa chur chuige a bheidh sa chlár freisin.
Deir Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe na nÓg ag TG4:
‘Tá TG4 go mór faoi chomaoin ag an tacaíocht a fuair siad sa togra seo ó na heagrais oideachais (An Roinn Oideachais agus Scileanna, COGG, PDST agus Gaeloideachas) agus ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, agus ó gach duine eile sa phobal a rinne teagmháil linn i TG4 faoi seo, tá súil ag TG4 freastal fónta a dhéanamh ar pháistí a bhfuil ag fáil a gcuid scolaíochta trí Ghaeilge agus tá súil againn go mbeidh Cúla4 ar Scoil cabhrach do na teaghlaigh go léir ag an am seo’.
Deir Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta: ‘Is aitheantas é seo ar thábhacht an chórais oideachais Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus táimid thar a bheith sásta go mbeidh a leithéid de chlár á chraoladh ar TG4. Árdú croí a bheidh ann do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge ag am a bhfuil an t-árdú croí sin ag teastáil go géar.’