
Thá ‘Spongebob an Scannán: Rith Spúinse Rith’ ar fáil i nGaelainn ar Netflix. Great news movie fans, Spongebob the Movie is available on Netflix in the Irish language.
Beidh túismitheoirí athá a’ streachailt leis an scolaíocht bhaile lántásta a chloistint go bhfuil Spongebob le fáil i nGaelainn anois ar Netflix.
Is é SpongeBob an Scannán: Rith Spúinse Rith arna chruthú ag Macalla Teo, le tacaíocht ó TG4 agus Paramount Pictures, an chéad leagan Gaelainne de scannán ar Netflix.
Is iad Tom Kenny (SpongeBob), Keanu Reeves (Sage) agus Matt Berry (Poseidon) a dhéanann na guthanna sa leagan Béarla den scannán agus is iad Marcus Lamb, Lochlainn Ó Mearáin, Brian Thunder, Carmel Stephens agus an láithreoir teilifíse Dáithí Ó Sé na haisteoirí athá i mbun leagan Gaelainne an scannáin.

D’oibrigh Paramount Animation agus Nickelodeon Movies i gcomhpháirtíocht le TG4 agus Macalla chun an leagan Gaeilge den scannán a eisíodh le gairid The SpongeBob Movie: Sponge on The Run a chruthú.
Is éard a dúirt Cúán Mac Conghail, Léiritheoir Feidhmiúcháin ó Macalla, ‘Is iontach an rud é go bhfuil an leagan Gaeilge den scannán ar fáil ar Netflix anois agus go mbeidh teacht ag óg agus aosta air i nGaeilge.’
‘Carachtar gáifeach é Rí Poseidon agus fear é atá lán de féin,’ arsa láithreoir teilifíse Dáithí Ó Sé a dhéanann guth Rí Poseidon.
‘Buíochas le Dia nílim cosúil leis in aon chor agus chaith mé dul ag aisteoireacht! Carachtar iontach atá ann agus bhí an-chraic agam á dhéanamh. Toisc Covid 19, rinne mé an taifeadadh ón mbaile agus bhí an fear óg liom i gcomhair cuid de. Tá seisean an-sásta go bhfuil Daidí sa scannán seo!’
Maidir leis na túismitheoirí na’ bhfuil ach ‘cúpla focal’ aca agus a bhfuil cúrsa athnuachana uathu, is féidir féachaint ar SpongeBob an Scannán: Rith Spúinse Rith le guthanna i nGaelainn agus fotheidil Bhéarla chun cuidiú leis an aistriúchán, nó le guthanna i nGaelainn agus fotheidil Ghaelainne.
Is féidir na socruithe sin a athrú go héasca sna socruithe fuaime agus fotheidil ar Netflix.
Subtitles for this movie will be available in Irish and in English on Netflix.
Note: I try and add dialectal changes (mostly Gaelainn Chorca Dhuibhne) to the Irish I use in writing so that is why you may see different spellings of words and phrases. If you have any questions, please drop me a message below.