“Sol” scannán croíúil teilifíse do pháistí le feiscint den chéad uair um Nollaig

0 2 Comments

Beidh ‘Sol’ Scannán croíúil teilifíse do pháistí fén dobrón le feiscint ar TG4 ar an oíche is dorcha sa bhliain.

Is scannán spreagúil fé bhuachaill beag agus beidh sé le feiscint den chéad uair in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe i mbliana i nGrianstad an Gheimhridh, an Luan 21 Nollag ag 6.30 i.n.

Thá sé mar aidhm ag an scannán beochana seo, a mhaireann 28 nóiméad, só agus suaimhneas a thabhairt do theaghlaigh le páistí óga agus 2020 ag druidim chun críche.

Blaisín de “Sol” thíos:

Scannán é seo fén suaitheadh a bhaintear as Sol nuair a fhaigheann a sheanmháthair, a raibh an-chion aige uirthi bás.

Tré shúile an pháiste pléann an scannán le gnéithe éagsúla den dobrón (an geit, an tnúthán, an mearbhall agus an réiteach).

Deirtear gurb áis ábhartha, thábhachtach athá sa scannán a chuireann roimhe cúnamh a thabhairt do pháistí agus do theaghlaigh le déileáil leis an dobrón.

Tá sé thar a bheith tráthúil san am i láthair agus bliain chorrach curtha dínn againn ar fad i 2020.

POF SOL Sc0870

Táthar ag súil go spreagfaidh an scéal agus na carachtair cumarsáid i measc múinteoirí, tuismitheoirí agus páistí óga i dtaobh an bealach le déileáil lenár mothúcháin nuair a fhaigheann daoine a bhfuil cion againn orthu bás.

Is í aisteoir Fionnula Flanagan a dhéanann guth na seanmháthar agus is í údar Máire Zepf guth na máthar.

Déanann Zana Akkoç atá dhá bhliain déag, guth Sol. Thaifead Moya Brennan, ball den bhanna ceoil tíre Clannad, amhrán an scannáin.

Rinne The British Film Institute’s Young Audiences Content Fund maoiniú ar Sol in éineacht le Ciste Craoltóireachta Gaeilge agus Ciste Scáileáin Northern Ireland Screen. Rinne na craoltóirí Ceilteacha TG4, S4C agus BBC ALBA comhchoimisiniú ar Sol agus Aardman a rinne é a dháileadh.

“Tá i bhfad an iomarca páistí agus daoine óga faoi scamall bhróin i mbliana agus bhí muid ag iarraidh deis sosa agus machnaimh a chur ar fáil,” arsa Jackie Edwards Ceannasaí an BFI’s ar The Young Audiences Fund .

“Theastaigh uainn go n-oibreodh craoltóirí seirbhíse poiblí as lámh a chéile leis an scannán speisialta seo a chomhsheachadadh chuig an oiread agus is féidir de dhaoine óga na tíre seo chun cabhrú leo solas a aimsiú sa dorchadas.”

Blurb in English

“Sol”, a film about a little boy’s journey through grief premieres on the darkest night of the year, the Winter Solstice – Monday 21st December at 6:30pm on TG4

The animated, 28-minute film aims to bring light and comfort to families with young children as 2020 draws to a close.

Note: I try and add dialectal changes (mostly Gaelainn Chorca Dhuibhne) to my Irish so that is why you may see different spellings of words and phrases in this article. Read more Irish language stories here.

Categories:
I'm a freelance content creator, author, and journalist who has a strong desire to share useful content about Irish people and things about Ireland at home and abroad. I am constantly curious.

Comments

  1. Iarla says:

    Go hiontach! Úsáidim an aip TG4 leis an teilgeoir ach ó am go ham níl an scannán le fáil ansin – teilifís amháin. Tá súil agam go mbeidh an t-ádh orm! GRMA.

    1. Una-Minh Kavanagh says:

      Thá fáilte romhat!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *