Scríbhneoir Áine Ní Ghlinn ceaptha ina Laureate na nÓg

0 Comments

‘Tá sé an-tábhachtach go mbeadh daoine óga ag léamh i nGaeilge ar son an phléisiúir’ arsa scríbhneoir Áine le Tuairisc.ie ‘gus í ceaptha anois ina Laureate na nÓg 2020.

Is as Tiobraid Árann ó dhúchas í Áine, ‘gus seo an chéad uair a ceapadh sa ról náisiúnta Laureate na nÓg údar Gaeilge. Tá breis is 30 leabhar scríofa aici ina measc úrscéalta do pháistí, déagóirí ‘gus bailiúcháin filíochta ‘gus drámaí leis.

Chaith Áine roinnt blianta ag obair in RTÉ ‘gus le Raidió na Gaeltachta mar iriseoir.

S’í Áine an séú Laureate na nÓg ‘gus de réir léi is ról iontach ambasadóra atá ann atá aici anois do litríocht na Gaeilge agus don litríocht do pháistí uile. Tá Laureate na nÓg eagraithe ag an gComhairle Ealaíon ar son ‘Children’s Books Ireland’.

Na laethanta seo, caitheann sí a cuid ama ag scríobh, ag cur ceardlanna scoile ar fáil sa scríbhneoireacht chruthaitheach, ‘gus ag léachtóireacht go páirtaimseartha in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Is iar-chathaoirleach í leis ar Ghradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann agus tacaíonn Áine go mór mór le scríbhneoirí agus maisitheoirí na hÉireann.

Sa bhliain 2018, roghnaíodh an sárúdar seo mar dhuine d’fhiche ealatíontóirí a ndearnadh ceiliúradh orthu sa tionscadal BOLD GIRLS chun mná sa litríocht do pháistí a chur chun cinn.

Tá go leor duaiseanna eile buaite aici leis ina measc Duais Fhoras na Gaeilge ag Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail, duais na Gaeilge ag Féile Bhéal na mBuillí, Gradam Idirnáistiúnta Ibby, Gradam Reics Carló Leabhar na Bliana faoi thrí agus ‘Patrick Kavanagh Fellowship’ 2019.

I measc na n-údar a ceapadh mar Laureate na nÓg roimhe seo ná Sarah Crossan (Apple ‘gus Rain), PJ Lynch (The Christmas Miracle of Jonathan Toomey) agus Eoin Colfer (Artemis Fowl). Bhí Siobhán Parkinson ainmnithe mar an gcéad buaiteoir gradaim I 2010.

Categories:
I'm a freelance content creator, author, and journalist who has a strong desire to share useful content about Irish people and things about Ireland at home and abroad. I am constantly curious.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *