Seacht ainmniúchán do Fhéile na Meán Ceilteach ag TG4

0 Comments

Tá TG4 tar éis seacht ainmniúchán a fháil do Ghradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach na bliana seo.

Ainmníodh TG4 do sheacht ngradam i nGradaim bhliantúla Barr Feabhais Torc a bhíonn ar siúl le linn Fhéile na Meán Ceilteach gach bliain. I measc na gcatagóirí tá Sraith Drámaíochta, Sraith Fhíorasach, na hEalaíona, Spórt, Cúrsaí Reatha, Gearrfhíseáin agus Stáisiún Raidió na Bliana.

Is féidir liosta iomlán na n-ainmniúchán a fheiceáil anseo.

Is é is aidhm le Féile na Meán Ceilteach teangacha agus cultúir na dtíortha Ceilteacha a chur chun cinn ar an scáileán agus sa chraoltóireacht. Cuireann eagraíochtaí craolacháin, scannánaíochta, cultúir agus forbartha eacnamaíochta ar fud na dtíortha Ceilteacha tacaíocht ar fáil d’Féile na Meán Ceilteach.

Féile trí lá í Féile na Meán Ceilteach a bhíonn ar siúl gach bliain, féile a dhéanann lucht craolacháin agus scannán den scoth agus a bhfuil cumas breá iontu as Albain, as Éirinn, an Bhreatain Bheag, Manainn, Corn na Breataine, an Bhriotáin agus an Ghailís a cheiliúradh. In Quimper na Briotáine, ón 2 go dtí an 4 Meitheamh, a bheidh Féile na Meán Ceilteach 2020 ar siúl.

‘Tá ríméad ar TG4 seacht gcinn d’ainmniúcháin a fháil inniu ó Fhéile na Meán Ceilteach’ arsa Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4.

‘Léirítear leis na hainmniúcháin seo an réimse d’ábhar ar ardchaighdeán a chuireann craoltóir seirbhíse poiblí ar fáil, ó shiamsaíocht go dtí cláir faisnéise fhíorasacha, cláir faisnéise a mbíonn tionchar mór acu ar shochaí na hÉireann. Táimid ag súil le bheith i dteannta ár gcomhghleacaithe as Albain, as an mBreatain Bheag, as Sasana agus as Éirinn in Quimpir i mí an Mheithimh chun an chuid is fearr de na meáin Cheilteacha a cheiliúradh’

Íomha ó Good Company Productions

Categories:
I'm a freelance content creator, author, and journalist who has a strong desire to share interesting content about Irish people and things about Ireland at home and abroad. I am constantly curious.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *