Dúiseacht – saol mhuintir Chorca Dhuibhne thar tréimhse 6 mhí

0 Comments

Beidh sraith nua faisnéise 5 chlár darbh ainm Dúiseacht a leanann saol mhuintir Chorca Dhuibhne thar tréimhse 6 mhí á chraoladh ag TG4 ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair na bliana 2020.

Leanann an sraith spéisiúil so an pobal ag dul i ngleic leis an saol in aimsir Covid 19 agus an dúthaigh ag iarraidh teacht chuige héin i ndiaidh an chéad tréimhse dianghlasála.

Dúiseacht le Mícheál Ó Muircheartaigh
Beidh Mícheál mar thráchtaire ar “Dúiseacht” ar TG4

S’é an craoltóir aitheanta Mícheál Ó Muircheartaigh a dhéanann tráchtaireacht ar an tsraith. Le linn na paindéime chaith Mícheál go leor ama ar a fhód dúchais i nDún Síon ar an taobh thoir don Daingean.

S’é Mícheál a spreag teideal na sraithe nuair a thagair sé do nath cainte a bhí óna mháthair chríonna, athá luaite i mBailiuchán na Scol, “Dúiseacht le dúthracht le breacadh an lae”.

Thug go leor daoine suntas don nath cainte seo nuair a luaigh Mícheál é ar an Late Late Show go luath le linn na pandéime.

Tugann ‘Dúiseacht’ léargas dúinn ar na dúshláin a bhí ag tabairneoirí, úineírí agus bainsteoirí caiféanna, scoileanna agus gruagairí i gCorca Dhuibhne agus iad ag dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.

Ep 1 Donal Uineir Tigh Ui Chathain 2.jpg
Dónal, úinéir Tigh Uí Chatháin
unnamed
An ceiliúraí daonnachaí Billy Mag Fhloinn, agus ceoltóir agus craoltóir Muireann Nic Amhlaoibh, sa bhaile lena gclann Líse agus Sadhbh le linn Covid19.

Sa sraith éagsúil, cifimíd leis conas mar a théann an tréimhse seo i bhfeidhm ar cheoltóirí agus amhránaithe, athá chomh lárnach i saol na Gaeltachta so.

Táid go léir ag maireachtáil leis an neamhchinteacht, an strus agus an bhrú, agus aghaidh á thabhairt aca ar an tráth is dúshlánaí lenár linn.

[Note: I write dialectically in Gaelainn Chorca Dhuibhne which is why some words are spelled differently]

Categories:
I'm a freelance content creator, author, and journalist who has a strong desire to share useful content about Irish people and things about Ireland at home and abroad. I am constantly curious.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *