
Beidh sraith nó de Cúla4 ar Scoil thar nais ar TG4 a’ deireadh na míosa a’ tosnú ar an Luan 31 Lúnasa a’ 10am.
S’í Orla Ní Fhinneadha a bheidh á chur i láthair an uair so agus beidh na múinteoirí Micheál Ó Dubhghaill, Caitríona Ní Chualáin, Joe Ó hEachtairn, Síle Ní Chonghaile agus Caitríona McAtee léi a’ amanta difrúla sa tsraith nó.
Beidh téama coicíse ann don dara sraith. Sa chéad choicís, is a’ díriú ar théama “An Scoil” a bheidh Cúla4 ar Scoil.
Beidh na múinteoirí ag cabhrú lé tuismitheoirí agus páistí socrú ar ais ar scoil agus dul i ngleic leis na hathruithe, na nósanna agus na modhanna oibre nua a bheidh i bhfeidhm.
Féachfaidh an Múinteoir Micheál Ó Dubhghaill ar athrú agus leanúnachas thar na blianta sna scoileanna in Éirinn.
Beidh blaiseadh den leabhar ‘An Múinteoir Nua’ le hÁine Ní Ghlinn agus taispeánfar dúinn conas rialacha ranga a chur i láthair. Spreagfar na gasúir chun spriocanna don scoilbhliain nua a roghnú agus a scríobh, agus bainfidh an ceacht ealaíne leas as seandlúthdhioscaí chun prionta a dhéanamh.
Cuirfidh Múinteoir Orla Ní Fhinneadha saintéarmaíocht na scoile i láthair do na bunranganna, lena n-áirítear trealamh sa mhála scoile agus troscán sa seomra ranga.
Léifidh sí sgéal dúinn dár teideal ‘Ná Gabh ar Scoil’ agus fiosróidh sí cén trealamh scoile ahá maighnéadach nó neamhmaighnéadach.
Beidh an tsraith á léiriú lé maoiniú ó TG4 agus lé comhairle faoin ábhar oideachais agus curaclaim ón Roinn Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), An tSeirbhís Um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) agus Gaeloideachas.
Thá saintaithí agus comhairle Thuismitheoirí na Gaeltachta curtha san áireamh sa chur chuige a bheidh sa chlár freisin. Is iad an chomhlacht léíriúcháin Meangadh Fíbín faoi stiúir Ethel Burke agus Darach Ó Tuairisg a bheidh i mbun an léirithe, i Scoil na bhForbacha, Conamara.
Cúla4 Ar Scoil Eolas fé na Múinteoirí:
Orla Ní Fhinneadha
Is múinteoir bunscoile í Orla Ní Fhinneadha. Chaith sí cúpla bliain a’ teagasc i nGaelscoileanna sular thosnaigh sí i Scoil Éinne ar an Spidéal. Bhain sí bunchéim san oideachas bunscoile amach i gColáiste Mhuire gan Smál. Anuas ar san thá M. Oid bainte amach aici inar dhírigh sí ar an bhfreastal a dhéantar ar chainteoirí dúchais i scoileanna Gaeltachta ina cuid taighde. Is leis na Naíonáin bheaga a bhí sí le blianta beaga anuas ach is le Rang 6 a bheas sí i mbliana. Chuir sí Campa Cúla4 sna healaíona traidiúnta i láthair i rith an tsamhraidh agus í ar bís bheith ar ais linn.
Mícheál Ó Dubhghaill
Thá Mícheál Ó Dubhghaill a’ múineadh lé sé bliana déag. Chaith sé formhór dá shaol múinteoireachta ag múineadh i gcathair Luimní ach tá sé ag múineadh i dTrá Lí anois lé trí bliana anuas. Is breá leis a bheith ag múineadh ceoil, drámaíocht, Gaelainn agus Mata. Nuair nach mbíonn sé a’ múineadh bíonn sé a’ aisteoireacht agus a’ casadh ceoil.
Caitríona Ní Chualáin
Is múinteoir bunscoile as Indreabhán, Conamara í Caitríona Ní Chualáin. Chuir Caitríona agus Fiachra Ó Dubhghaill an chéad sraith de Cúla4 ar Scoil i láthair. Tá sí ag múineadh le ceithre bliana anuas i nGaelscoil Uí Fhiaich i Maigh Nuad. Is scoil iontach ceolmhar í agus thá ana-ghrá a’ an scoil don Ghaelainn agus don chultúr Gaelach agus thá an t-ádh uirthi go bhfuil sí ann. Bíonn sí ag obair go páirt aimseartha leis lé TG4 mar láithreoir aimsire agus leanúnachais chomh maith, rud a bhaineann sí ana-sult as.
Síle Ní Chonghaile
Is múinteoir í Síle i nGaelscoil Riada i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Thá máistreacht san oideachas ó Choláiste Phádraig agus thá sí a’ múineadh le 5 bliana anuas. Is breá léi Gaeilge, corp oideachais agus stair. Nuair nach mbíonn sí ar scoil, is maith léi a bheith ag imirt spóirt agus ag seinm ceoil.
Joe Ó hEachteirn
Is múinteoir bunscoile é i Scoil na nÓg, Gleann Maghair i gCorcaigh! Is as Cill Uird dó i dtuaisceart Chorcaí. Thá sé a’ múineadh le haon bhliain déag ‘nois. Thá máistreacht bainte amach aige san Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Thá suim aige i gcúrsaí spóirt, Staire, Eolaíochta, filíochta agus dar ndóigh Gaelainn.
Caitríona McAteer
Is as Contae Aontroma do Chaitríona. Thá sí a’ múineadh lé 4 bliana anois agus bhain sí a céim amach ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste. Ina ham saor, imríonn sí camogaíocht agus peil Ghaelach lena club agus thá suim mhór aici san amhránaíocht leis.
Note: I try and add dialectal changes (mostly Gaelainn Chorca Dhuibhne) to Irish so that is why you may see different spellings of words and phrases.