Corp + Anam ar fáil thar lear ar an seirbhís sruthaithe ‘SOONER’

0 Comments

Thá sraith drámaíochta Gaeilge Corp + Anam a léirigh Magamedia do TG4, anois ar fáil ar ‘SOONER’, seirbhís sruthaithe físe, amhail Netflix, ahá ar fáil sa Ghearmáin, san Eilvéis agus san Ostair.

Sraith drámaíochta í Corp + Anam ná ndéantar aon iarracht an fhírinne a cheilt inti agus a bhfuil an-rath uirthi. Thá Maria Doyle Kennedy agus Diarmuid de Faoite i measc na bpríomhaisteoirí sa tsraith.

Is tuairisceoir é Cathal Mac Iarnáin ná fuil sásta mura bhfuil sé ag obair, thá fadhbanna aige baile aige ach is cosúil ná fuil sé a’ iarraidh aghaidh a thabhairt orthu. Thá sé go mór ag iarraidh coirpigh a nochtadh agus aird an phobail a tharraingt ar thragóidí an chine daonna agus é a’ iarraidh a mhuintir héinig a choinneáil ón aimhleas a’ an am céanna. S’é Cathal fannlaíoch na sraithe Gaeilge seo.

Thá ríméad ar an gcomhlacht léiriúcháin as Éirinn Magamedia agus an dáileoir as an mBreatain Videoplugger a fhógairt go bhfuil Corp + Anam ina chuid den mhargadh ahá déanta lé ContentScope, agus go mbeidh an clár lé sruthú ar a n-ardán VoD sa Ghearmáin, san Ostair agus san Eilvéis.  Is ardán VoD fé úinéireacht Ghearmánach-Fhrancach a seoladh ar an 29 Iúil agus a dhíreoidh ar ábhar idirnáisiúnta agus san amháin, i bhfoirm sraithe agus i bhfoirm aonair araon.

‘Ábhar sraithe den chuid is mó seachas scannáin aonair é an t-ábhar dúchais a bhaineann le SVOD, tá an scannán iomlán 90-nóiméad fágtha againn go hansmachtúil ó na 1920idí, níl ann ach nár athraigh sé, feicimse gurb é sin atá chomh spéisiúil faoi shraitheanna,’ ersa Andreas Wildfang Príomhstiúrthóir Feidhmiúcháin ContentScope GmbH.

‘Ní do scannáin shainealaíne amháin é Sooner ach tá spéis againn chomh maith in ábhar atá dírithe ag údar scannán, agus is breá an sampla de sin é Corp + Anam‘.

rsz corp agus anam

Dúirt Paddy Hayes Príomhfheidmeannach, Magamedia:

‘Tá ríméad orm go mbeidh lucht spéise níos fairsinge sa Ghearmáin ábalta féachaint ar Corp + Anam – tá níos mó iriseoirí a bhíonn i mbun feachtasaíochta uainn anois ná mar a bhí riamh – agus cinnteoidh an téama faoi cheartas sóisialta agus an chuma chomhaimseartha atá ar an tsraith go gcoinneoidh lucht spéise orthu ag féachaint air arís agus arís eile.’

Dúirt Emanuele Galloni, Príomhfheidhmeannach Videoplugger:

‘Tá tábhacht ar leith dom féin ag baint le Corp + Anam ós rud é gurb é an chéad teideal mór a thugamar ar bord linn é, agus níl stop ar bith leis ar fud na cruinne.’

[Nóta: I try and write dialectically in Kerry Irish so have made changes to the text here (apart from quotes from people)]

Categories:
I'm a freelance content creator, author, and journalist who has a strong desire to share useful content about Irish people and things about Ireland at home and abroad. I am constantly curious.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *