Sraith nua de ‘Bailte’ a’ tosnú go luath ar TG4

0 Comments

Thá Síle Nic Chonaonaigh a’ filleadh lé sraith nó de ‘Bailte’, sraith a dhéanann ceiliúradh ar bhailte fearainn na tíre. Beidh ‘Bailte’  lé feiscint ar TG4 Déardaoin ón 3 Meán Fómhair ag 20:00 agus ar an seinnteoir, tg4.ie 

Casann sí lé pobal na mbailte, cuireann sí aithne ar an an mbaile, na daoine a mhaireann ann agus an ceangail ahá aca lena n-áit dúchais. Tógann Síle muid ar aistear draíochtúil trí Ghaeltachtaí na tíre agus muid a’ cur aithne ar mhuintir na Gaeltachta, an cultúr as ar fáisceadh iad, an taobh tíre a mhúnlaíonn iad agus na slite beatha a chothaíonn iad.

Is ar an mBaile Uachtarach i gCorca Dhuibhne a chuireann Síle tús lena haistear sa tsraith so. Casann sí le Caitlín Ní Mhuircheartaigh agus Bríd Budhlaeir ón mBaile Uachtarach Thoir agus Thiar – agus fágfidh muid aca siúd é lé rá cé aca taobh den bhaile is ea an ceann ‘ceart’!

rsz sile piaras firtear

Tugann Síle cuairt ar Phiaras Firtear agus a nia, Liam ahá a’ plé le feirmeoireacht déiríochta ar an mbaile. Cuireann Maidhc Ó Mainín Síle ar an eolas fé chuid de stair an bhaile agus tógann sé amach ag iascach gliomaigh í.

I gcuideachta Dhonnacha Ó Curráin téann Síle chuig an pointe is airde ar a mbaile, Ceann Sibéal, leis an ceantar aoibhinn a bhfeiscint, agus baineann sí trial as an ngalf fé stiúr Stiofán Ó Fathaigh.

Tugann Muireann agus Eoinín Feirtéar eolas do Shíle fé Phiaras Feirtéar a thóg caisleán ar an mbaile sa séú céad déag agus insíonn an seandálaí Isabel Bennett di fé cérbh iad na céad daoine a mhair ar an mBaile Uachtarach i bhfad siar.

I lár pharóiste Ghaoth Dobhair thá seoid do bhaile fearainn ar a dtugtar An Bun Beag, agus is ann a bheidh Síle sa dara clár den tsraith. 

Casann Síle leis an gcraoltóir aitheanta Áine Ní Bhreisleáin a rugadh agus a tógadh ar an mbaile. Cíonn sí go bhfuil an glúin óg a’ iarraidh filleadh abhaile ach thá imní ar an bpobal nuair a chailltear seirbhísí agus go roghnóidh daoine gan filleadh dhá bharr sin. 

Thá stair ar leith ag an mBun Beag go speisialta mar gheall ar an Ché a bheith ann agus an foscadh a chuireann sé ar fáil do bháid. 

Is iomaí baile in Éirinn ina raibh dhá phobal ann. Pobal amháin Prodastúnach agus pobal eile Caitliceach, agus teannas idir an dhá phobal, ach is cosúil go rudaí difriúil anseo ar an mBun Bhig. Is léir gur sheas agus gur oibrigh an dhá phobal lena chéile, mar phobal amháin – pobal an Bhun Bhig.

Thá ceann des na tithe tabhairne Gaeltachta is cáiliúila dá bhfuil ann ar an mBun Beag – Teach Hiúdaí Beag. Is beag duine Gaeltachta nar chuala fé. Thá an teach tabhairne ann lé breis agus céad bliain agus cheannaigh Hudí Beag Ó Gallchóir ins na 60í é. Casann Síle lena mhac, Hugh Hudí Beag úinéir an tígh ósta.

Is é an baile fearainn croí na sraithe seo – an t-aonad riaracháin is lú agus is buaine in Éirinn. Dírítear ar bhaile fearainn amháin i ngach clár, agus cé gur limistéir cúng ahá i gceist is iontach an éasgúlacht ahá i ngach mbaile. Tugann na teorainneacha dochta deis dul isteach fé chraiceann an phobail agus tugtar deis dúinn seal a chaitheamh i measc mhuintir an bhaile fearainn agus pearsantacht agus tréithe an bhaile a shú isteach.

Note: I try and add dialectal changes (mostly Gaelainn Chorca Dhuibhne) to my Irish so that is why you may see different spellings of words and phrases here. Read more Irish language stories here.

Categories:
I'm a freelance content creator, author, and journalist who has a strong desire to share useful content about Irish people and things about Ireland at home and abroad. I am constantly curious.

1 thoughts on “Sraith nua de ‘Bailte’ a’ tosnú go luath ar TG4”

  1. Jim Smith says:

    Is breá liom an dóigh a mhothaigh tú an saol agus na dea-oibreacha a rinn tú. Lean ar aghaidh leis sin! 🙂

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *