
Following on from international raves, awards and domestic box office success, Arracht, the stunning debut from writer-director Tom Sullivan, will be released on-demand on February 28th.
Arracht is a bracingly authentic and tender story about finding hope when all else is lost, focusing on Colmán Sharkey, a fisherman, a father, a husband, living on the wild shores of Connemara in 1845 as The Great Hunger descends.
The film blends Ireland’s tragic history with more modern elements of genre conventions and boasts a wide cast of Irish actors including Screen Daily’s Star of Tomorrow nominee, Dónall Ó Héalaí in the starring role.
The film was shot entirely on location in Connemara with a beautiful score from Emmy-nominated Irish group Kíla.
Arracht was selected as Ireland’s official entry for the 2021 Oscars® and also optioned for a Hollywood remake.
It is produced by Cúán MacConghail of Macalla Teoranta and is a CINE4 film funded by TG4, Screen Ireland and the BAI.
Viewers can stream or download-to-own this incredible film from various platforms including iTunes, Apple TV, Google Play, Virgin Media, Sky Store, IFI @Home, Volta, YouTube, Amazon, Chili, Rakuten and BFI Player.
It can also be pre-ordered here.
Arracht (an nuacht i nGaelainn)
I ndiaidh moladh idirnáisiúnta agus gradaim a dh’fháilt agus éileamh mór a bheith air sna pictiúrlanna aige baile, déanfar Arracht, an chéad scannán fíorálainn leis an scríbhneoir-stiúrthóir Tom Sullivan, a chur ar fáil ar éileamh ó inniubh, an 28ú Feabhra.
Scéal goilliúnach fé theacht ar ábhar dóchais nuair is géire an cás athá in Arracht le stíl lena mbraitear lomchruth na fírinne athá dírithe ar Cholmán Sharkey, iascaire, athair, fear céile, athá ina chónaí le cósta fiáin Chonamara sa bhliain 1845 nuair a thagann Aimsir an Drochshaoil.
Déantar cumasc idir stair thragóideach na hÉireann agus gnéithe níos nó-aimseartha de ghnásanna seánraí na linne seo le chéile sa scannán so ina bhfuil foireann bhreá aisteoirí as Éirinn lena n-áirítear Dónall Ó Héalaí sa phríomhpháirt a fuair ainmniúchán do ghradam Star of Tomorrow Screen Daily.
Ar an láthair i gConamara a rinneadh iomlán na scannánaíochta ar fad ar an scannán. Thá scór álainn ceoil curtha leis ag an mbanna Kíla, a ainmníodh do ghradam Emmy.
Roghnaíodh Arracht le hionadaíocht oifigiúil a dhéanamh ar Éirinn ag Gradaim Oscar® 2021 agus glacadh céadrogha air chun leagan Hollywood a dhéanamh as. Cúán MacConghail ó Macalla Teoranta a léirigh an scannán.
Is scannán é ón scéim CINE4 le tacaíocht ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.
Féadfaidh an lucht féachana an scannán so a shruthú nó é a íoslódáil lena choinneáil ó ardáin éagsúla lena n-áirítear iTunes, Google Play, Virgin Media, Sky Store, IFI @Home, Volta ,You Tube, Amazon, Chili, Rakuten agus BFI Player.
Please note, I do my best to write dialectally in the Irish of Corca Dhuibhne (West Kerry)