Blaise d’Oíche Chultúir sa Ghaeltacht

0 Comments

Mar chuid den cheiliúradh náisiúnta ar Oíche Chultúir i mbliana chuir Ealaín na Gaeltachta tacaíocht ar fáilt d‘os cionn 30 imeachtaí fud fad na Gaeltachta.

I measc na buaicphointí do bhí clár úr ar TG4, ‘Oíche Chultúir sa Ghaeltacht’. Tugadh ar thrus ealaíona thart timpeall na Gaeltachta sinn, ó Ghaoth Dobhair go dtí An Rinn, bhuaileamair lé healaíontóirí agus grúpaí ealaíne, agus fuaireamar blaiseadh dosna tograí a bhí ar bun aca. Amharc ar ais ar an chlár ar Seinnteoir TG4.

I measc na healaíontóirí a bhí lé feiscint do bhí; Caitlín Nic Gabhann, Cathal Mac Fhionnghaile, Úna Campbell, Caoimhe & Séamus Ó Flatharta, Éamonn Ó Meachair, Ensemble Mhúscraí, Ionad Cultúrtha Bhaile Bhúirne, Maeve MacSweeney, Dairena Ní Chinnéide, Fearghus Ó Conchúir, Aoife Ní Shé agus David Geaney.

Mar pháirt d’Oíche Cultúir sa Ghaeltacht, seoladh amhrán úr scríofa le Mairéad Ní Mhaonaigh mar aon le físeán ceoil le Daniel O Donnell, Dónal Mac Ruairí, Caitríona Solan, scoláirí ó Phobalscoil na Rosann, Danny Martin Ó Domhnaill, Deirdre Ní Mhaonaigh agus Mánus Lunny.

Thá radharcanna álainn Na Rosann agus Gaeltacht Dhún na nGall le feiscint san bhfíseán maraon le léargas do shaibhreas iontach cheoil an cheantair.

Oíche Chultúir
Ruairi & Siobhan – Dance Cape Clear by Jason Lee

Do bhí réimse leathan ealaíona le braith sa chlár chuimistheach a thacaíonn Ealaín na Gaeltachta leis idir ceol, damhsa, scannánaíocht agus litríocht a cheiliúreadh sna 30 imeacht a tharla ar líne agus in ionaid ar fud na Gaeltachta.

I measc na n-imeachtaí sin, do bhí ócáid filíochta béil sa Díseart leis an scríbhneoir cónaithe Colm Mac Gearailt agus a chairde Eoin P. Ó Murchú, Fionn Ó Neill agus Mattie Barker. 

Do dhein an Donegal Women’s Network ceiliúradh ar chruthaitheacht na mban le taispeántas ealaíne le gaineamh, dhein an t-ealaíontóir Maria Coleman stiúradh agus taifead ar an ócáid. Is féidir Síle na gCíog a fheiscint anseo ar YouTube:

Thacaigh Cuisle le go leor imeachtaí do dhaoine óga ar Oíche Chultúir, lena n-áirítear taispeántas de ranganna Cuisle le múinteoirí agus mic léinn i Teach Scríbe i gConamara agus Baois i nGaeltacht Mhúscraí i gCorcaigh.

Do bhí Ruairí Ó Donnabháin, damhsóir athá ag cur fé ar Oileán Chléire, mar ambasadóir na Gaeltachta d’Oíche Chultúir 2021. 

Thá saol cruthaitheach agus uathúil ag Ruairí, agus é ag obair ar fhéilte agus ócáidí, ag déanamh cóiréagrafaíocht ar thograí in Éirinn agus go idirnáisiúnta. Thá suim fé leith aige sa teanga agus sna gaolta idir dhaoine, agus as sin bhunaigh sé tréimhse cónaitheach ar Oileán Chléire. 

“Treaslaímid le na healaíontóirí, léiritheoirí agus eagrais pobail agus pleanála teanga go léir a ghlac an deis splacanna an chultúir a lasadh agus a roinnt le pobal na Gaeltachta agus na tíre ar an Oíche Chultúir i mbliana. Thar aon bhliain eile, chothaigh sé muid agus spreag sé muid i dtreo na cruthaitheachta i dteannta chéile arís” – Micheál Ó Fearraigh, Feidhmeannach Forbartha Ealaíon, Údarás na Gaeltachta.

Note: I try and add dialectal changes (mostly Gaelainn Chorca Dhuibhne) to the Irish I use in writing so that is why you may see different spellings of words and phrases. If you have any questions, please drop me a message below.

Categories:
I'm a freelance content creator, author, and journalist who has a strong desire to share interesting content about Irish people and things about Ireland at home and abroad. I am constantly curious.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *