Craolfar Fleadh2020 ar TG4 thar 4 oíche ar fud an domhain

0 Comments

Craolfar Fleadh2020 ar TG4 i gcomhpháirtíocht le Comhaltas Ceoltóirí Éireann, ina ndéanfar ceiliúradh thar 4 oíche ar an bhFleadh Ceoil ar fud na cruinne.

Tiocfaidh ceoltóirí traidisiúnta na hÉireann go fíorúil ó gach cearn den domhan le chéile do Fleadh2020, ceoltóirí a bheadh a’ teacht le chéile a’ Fleadh Cheoil na hÉireann – chun ‘An Filleadh Abhaile’ a cheiliúradh – sa Mhuileann gCearr i mí Lúnasa murach na cúinsí neamhghnácha.

Ar feadh na 4 oíche ón 6 go dtí an 9 Lúnasa, tabharfaidh Fleadh2020 tuiscint agus léargas don lucht féachana ar an imeacht bliantúil seo – an ceol, na hamhráin, an damhsa agus na scéalta – agus tabharfar léargas ar leith don lucht féachana ar phobal na fleidhe, ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.

Ó Brisbane go Bun Cranncha, beidh idir sean agus óg, idir foghlaimeoirí agus na ceoltóirí is mó le rá ag teacht le chéile chun fleadh a chur ós ár gcomhair nach bhfacthas riamh cheana.

S’éard a dúirt an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin agus í ag caint faoi Fleadh2020:

‘Tá an Fhleadh go smior i saoithiúlacht agus i gcultúr na hÉireann, agus leanann de bheith ag athrú agus ag forbairt de réir mar atá an domhan mórthimpeall ag athrú, cuireann sí an áilleacht a bhaineann le traidisiún, leis an nGaeilge, agus le craic agus ceol i gcuimhne dúinn.’

Is í Fleadh Cheoil na hÉireann, arna eagrú ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, an ceiliúradh is mó a dhéantar ar domhan ar cheol, amhráin agus damhsa na hÉireann agus ar an nGaelainn.

S’éard a dúirt Labhrás Ó Murchú Ardstiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann le TG4:

‘Tá Fleadh Cheoil na hÉireann – a eagraíonn Comhaltas Ceoltóirí Éireann – i lár chroí an chultúir Ghaelaigh. Sna caogaidí nuair a bhí lag-mhisneach ar na daoine agus bhí na mílte ag imeacht as an tír do chabhraigh an Fhleadh chun spiorad an náisiúin a mhúscailt agus a chothú. Is cúis áthais dúinn sa Chomhaltas anois gur fhreastal 750,000 duine ar Fhleadh 2019 agus do sholáthair sí €50m don réigiún. Cuireann an Comhaltas seirbhísí ar fáil do 3m duine.’

Tabharfaidh na láithreoirí Dáithí Ó Sé, Doireann Ní Ghlacáin agus Kieran Hanrahan ar thuras go dtí cúige difriúil muid thar na 4 oíche.

Cuirfear tús leis an scléip i gCúige Mumhan, rachfar ansin go dtí Cúige Chonnacht, as sin go Cúige Uladh agus ar deireadh go Cúige Laighean.

Is í an Fhleadh an t-imeacht is mó sa bhliain do go leor teaghlaigh, agus beidh an dream a bhíonn ag obair go crua, gan sos gan scíth, chun go dtarlóidh an fleadh i dteannta Kieran Hanrahan gach oíche, ag caitheamh súil siar ar mar a bhí agus ag déanamh machnaimh ar an tábhacht a bhaineann leis an imeacht seo – ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh an phobail de.

Beidh Fleadh2020 agus an 4 chlár ar fáil ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 ag www.tg4.ie agus an scléip á tabhairt ar fud an domhain acu.

Categories:
I'm a freelance content creator, author, and journalist who has a strong desire to share useful content about Irish people and things about Ireland at home and abroad. I am constantly curious.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *