
Tréis an Chéad Taibhiú ‘An Cailín Ciúin’ ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bheirlín, bain scannán ‘An Cailín Ciúin’ Duais an Grand Prix of the Generation 14plus International Jury don Scannán Is Fearr.
Seo éacht stairiúil den chéad uair do scannán as Gaeilge agus é ag caint fén duais dúirt Colm Bairéad, an Stiúrthóir:
“Ba fhíor-onóir é ár gCéad Taibhiú bheith againn ag an Berlinale i mbliana in aice leis an oiread sin scannán iontach mar chuid den chlár Generation Kplus.
“Is léiriú ollmhór gur bhain ‘An Cailín Ciúin’ an Grand Prix go ndearna TG4, Screen Ireland agus an BAI an cinneadh ceart ina bhfís maidir le scannánaíocht dhúchasach as Gaeilge agus a hacmhainn le síniú amach thar lear. Is mór an dea-theist álainn ar obair éachtach ár gcriú agus ár bhfoirne aisteoirí í, ar Chaitríona Clinse aoibhinn ach go háirithe, arbh í an solas í a threoraigh sinn trí dhéanamh an scannáin seo.”
Insíonn ‘An Cailín Ciúin’ (The Quiet Girl) scéal Cháit (Caitríona Clinse) – girseach naoi mbliana d’aois ó theaghlach athá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le túismitheoirí altrama don samhradh.

D’ainneoin fáilte chroíúil ón bhean, Eibhlín (Carrie Uí Chrualaoich), d’fhan fear an tí, Seán (Aindriú Mac Beinéid) amach ó Cháit, agus íse uaidhsean, ach le himeacht ama thosnaigh cairdeas ag neartú eatarthu.
Go mall, fé chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr beatha. Ach sa tig seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin.
Thá ‘An Cailín Ciúin’ bunaithe ar an ghearrscéal ardmholta Foster le Clár Nic Aogáin, agus dráma casta, cigilteach is ea é fé theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig.
Agus í ag caint fé ghnóthú na duaise dúirt Désirée Ní Fhionnagáin, Príomhfheidhmeannach Fís Éireann/Screen Ireland:
“Athbheodh léiriú scannán as Gaeilge le blianta beaga anuas, ag cothú guthanna nua agus éiritheacha a bhfuil scéalta uilíocha le hinsint acu.”
Is é ‘An Cailín Ciúin’ a osclóidh Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath ar 23 Feabhra.
Please note I do my best to write using dialectal forms from Gaelainn Chorca Dhuibhne.