
Beidh an scannán Gaeilge, An Cailín Ciúin ón scéim Cine4 ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann á eisiúint i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann agus na Breataine ón 12 Bealtaine ar aghaidh.
S’iad Break Out Pictures athá á eisiúint in Éirinn ón 12ú Bealtaine ⁊ Curzon Home Cinema athá á eisiúint sa Ríocht Aontaithe ón 13 Bealtaine.
Taispeánadh an scannán den chéad uair i Mí Feabhra ag féile mór le rá Berlinale sa Bheirlín, áit ar bhain sé amach an duais Grand Prix an Choiste Idirnáisiúnta Generation Kplus don Scannán is Fearr.
B’é an chéad scannán Gaeilge riamh a dh’oscail Féile Idirnáisiúnta Scannán Virgin Media Bhaile Átha Cliath áit ar bhronn Ciorcal Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath (DFCC) gradam don SCANNÁN ÉIREANNACH IS FEARR air.
Thá éacht nach beag bainte amach ag An Cailín Ciúin agus ocht ngradam de chuid Acadamh Scannánaíochta ⁊ Teilifíse na hÉireann bronnta air ag searmanas gradam IFTA a bhí ar siúl le gairid, lena n-áirítear AN SCANNÁN IS FEARR, AN STIÚRTHÓIR IS FEARR ⁊ AN tAISTEOIR MNÁ IS FEARR.
Mar aon leis sin, bhuaigh scríbhneoir ⁊ stiúrthóir an scannáin, Colm Bairéad, an duais Rising Star. Chuaigh an scannán go mór i gcion ar na léirmheastóirí agus ar an lucht féachana araon.
Insítear scéal Cháit (Catherine Clinch) – cailín naoi mbliana d’aois de theaghlach mór mífheidhmiúil sa scannán An Cailín Ciúin.
Cuirtear chuig gaolta a máthar í chun cónaí leotha don samhradh. Cuireann Eibhlín (Carrie Crowley) fáilte mhór chroíúil roimpi, ach coinníonn a fear céile (Andrew Bennett) fad a sciatháin uaidh í.
Diaidh ar ndiaidh, cothaítear dáimh sa teaghlach ionaid seo ⁊ tagann Cáit i mbláth faoina gcúram. Ach sa teach seo atá in ainm is a bheith ina tearmann gan rúin, tugann sí an fhírinne shearbh chun solais.
Is dráma casta íogair fé theacht in aois é bunaithe ar an scéal Foster le Claire Keegan a fuair ardmholadh go fairsing, ina ndéantar ceisteanna fé chúrsaí teaghlaigh, faillí agus caillteanas a chíoradh trí shúile a phríomhphearsa óig.
Is é An Cailín Ciúin an chéad fhadscannán leis an scríbhneoir/stiúrthóir Colm Bairéad ⁊ an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal. Rinneadh scannánú ar an láthair sa Mhí agus i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2020.

Tá lúcháir orainn go mbeidh AN CAILÍN CIÚIN le feiceáil i bpictiúrlanna anseo in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe araon a bhuíochas do Break Out Pictures agus Curzon. Thar aon ní eile, ba don scáileán mór agus don taithí chomhchoiteann sa phictiúrlann a rinneadh an scannán seo, agus tá ríméad orainn go mbeidh deis ag an lucht féachana é a fheiceáil ar an gcaoi sin.
Colm Bairéad
Dúirt Louisa Dent, Stiúrthóir Bainistíochta Curzon Film, “Is seoid é AN CAILÍN CIÚIN. Is go cáiréiseach a chaitear le haicsean an scannáin ach tá tathag ann atá cumhachtach tochtmhar.”
Please note I do my best to write using dialectal forms from Gaelainn Chorca Dhuibhne.
Go raibh maith agat don pbair a dheineann tu!
(Nil sine fada le fail annseo! Cad ‘na thaobh?)
Mo bhaochas asat a Harry!