
D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge an tseachtain seo na leabhair athá ainmnithe ar na Gearrliostaí do Leabhair Ghaeilge na Bliana:
- Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta)
- Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg)
- Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile)
Thá ocht leabhar déag ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana so – seacht leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, sé leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe agus cúig leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló.
I measc na dTithe Foilsitheoireachta a bhfuil leabhair leo ainmnithe i mbliana thá: Barzaz, An tSnáthaid Mhór, Cló Iar-Chonnacht, Cló Léann na Gaeilge, Coiscéim, Dalen Éireann, Éabhlóid, Futa Fata agus Leabhar Breac.
Thá dhá shaothar fhéin fhoilsithe ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne leis. Thá liosta iomlán desna leabhar ar fad athá gearrliostaithe ar fáil thíos.
Roghnaíodh na buaic-shaothair de réir na gcritéar seo a leanas: fiúntas an ábhair; caighdeán na Gaelainne; dearadh an leabhair, ag áireamh téacs, clúdach, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta; caighdeán foilsitheoireachta; agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta.
‘Léiriú ar an gcur chuige cruthaitheach, treallúsach, atá le sonrú in earnáil na foilsitheoireachta is ea líon agus feabhas na saothar a bhí istigh ar na Gradaim Fhoilsitheoireachta i mbliana’, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais.
‘Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na tithe foilsitheoireachta atá ainmnithe ar na gearrliostaí agus molaim iad as saothar ár sárscríbhneoirí Gaeilge a chur ar fáil go slachtmhar, ealaíonta, snasta.
Is fiú go mór, ar iliomad cúiseanna, cinneadh coinsiasach a dhéanamh le leabhar Gaeilge a cheannach, a léamh agus a thabhairt mar bhronntanas idir seo agus deireadh na bliana – le tacú le scríbhneoirí, le healaíontóirí agus le heacnamaíocht na tíre, chomh maith le taitneamh a bhaint as an saibhreas leabhar Gaeilge atá nua chun an margaidh.’
Fógrófar na buaiteoirí ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2021. Gabhann duaischiste de €17,000 leis an trí ghradam. Tá eolas cuimsitheach maidir leis na leabhair ar fáil ag www.antoireachtas.ie/gradaim-fhoilsitheoireachta/.
Dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Edel Ní Chorráin, ‘Tréaslaím le gach duine atá ag obair in earnáil na foilsitheoireachta as an obair mhór atá déanta acu le leabhair ar ardchaighdeán a fhoilsiú arís i mbliana.
Tá moladh ar leith tuillte ag na húdair, na healaíontóirí, na haistritheoirí agus na foilsitheoirí atá ar ghearrliostaí na bliana seo. Tá ag éirí leis na tithe foilsitheoireachta an caighdeán a ardú gach bliain agus leabhair a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar léitheoirí na Gaeilge agus a spreagfaidh tuilleadh léitheoirí i dtreo na leabhar Gaeilge. Guím gach rath ar gach duine atá ar na gearrliostaí.’
Note: I try and add dialectal changes (mostly Gaelainn Chorca Dhuibhne) to the Irish I use in writing so that is why you may see different spellings of words and phrases. If you have any questions, please drop me a message below.